FORAS NA GAEILGE AWARD: Scoil Mhuire was honoured by foras na Gaeilge for showing the way in promoting spoken Irish in our school under the 'GLEO' awards. Scoil Mhuire was selected on the basis of its innovation and creativity in promoting the use of spoken Irish amongst its students. The award, €3,000 was presented by president Mary Mc Aleese to three children, Ms. Morris and Ms. Feeley in Croke Park.
Gaeilge: Ós rud é gur Gall scoil atá i gceist i Scoil Mhuire, níl an Ghaeilge in úsáid mar ghnáththeanga ag na daltaí ná na dtuismitheoirí. In ainneoin seo mar Eireannaigh tá an suim ag pobal ginearálta na scoile sa teanga dúchais mar chuid an tabhactach dár gcultúr.Sa chomhthéacs seo is leir go bhfuil an fhoireann ar fad go hiomlán taobh thiar de chur chun cinn na Gaeilge agus tá sé d’aidhm acu é seo a dhéanamh i slí foirfeach.
Drama/Drámaíocht
Coicís na Gaeilge: Féíle Drámaíochta takes place in early March. Following this event right up to St. Patrick's Day, the senior classes take part in table quizzes, céilís for 1st and 2nd classes, cluichí gaeilge for infant classes and lots more fun including treasure hunts 'as gaeilge' of course. We urge our parents to support their children in speaking Irish. The local Cumann Gaelach is providing sponsorship towars a trip to the Gaeltacht for senior children who show a special dedication to the Irish langauge. Girls in 6th class are chosen each year also for a special award and presented with the perpetual trophy dedicated to 'Iarracht i labhairt na Gaeilge'.
PLEAN GAEILGE
Réamhráiteas:
Cuireadh an plean seo le cheile ar laethanta inseirbhíse agus ar laethanta phleanála sa scoil. Bhí príomhoide na scoile, an múinteoir le post ghaeilge agus na múinteoirí ranga uilig páirteach ins an bpleanáil seo. Thug cuiditheoir PCSP tacaíocht leanúnach do’n fhoireann. Rinneamar machnamh ar an gcleachtas agus chuireamar ord agus eagar ar an bplean.
Fáth leis an bplean:
Is é an phríomh fáth go bhfuil an plean seo againn ná
- Chun cabhrú linn curaclam na Gaeilge a chur i bhfeidhm.
- Leanúnachas; Ós rud é gur scoil an mhór í Scoil Mhuire agus foireann mhór chomh maith tá sé tabhachtach go mbeadh leanúnachas ó rang go rang is go mbeadh a fhios ag múinteoirí sealadacha nó múinteoirí nua na dualgaisí atá orthu ó thaobh múineadh na gaeilge de i cibé cé’n rang a bheadh acu.
- Treorú; Tá sé tabhachtach freisin go mbeadh treoracha le fáil ar na módhanna múinte agus na cleachtaithe atá in úsáid sa scoil; mar shampla na nósanna atá ag oibriú dúinn.
- Forbairt; Go mbeadh sé soiléar cad iad na feabhsúcháin gur féidir linn a dhéanamh agus go mbeadh tomhas againn conas mar atáimid ag dul ar aghaidh trí measúnú a dhéanamh ar an bplean go rialta.
FÍS:
Ós rud é gur Gall scoil atá i gceist i Scoil Mhuire, níl an Ghaeilge in úsáid mar ghnáththeanga ag na daltaí ná a dtuismitheoirí. Freisin tá alán daltáí againn ó thíortha eile nach bhfuil Gaeilge ná Béarla acu. In aineoin seo mar Eireannaigh tá an suim ag pobal ginearálta na scoile sa teanga dúchais mar chuid an tabhactach dár gcultúr.Sa chomhthéacs seo is leir go bhfuil an fhoireann ar fad go hiomlán taobh thiar de chur chun cinn na Gaeilge agus tá sé d’aidhm acu é seo a dhéanamh I slí foirfeach. Tá cultúr laidir inár gcontae- Dubhghlas De hÍde agus go leor eagrais cultúrtha ag obair I mBaile Ros Comáin… Cumann Gaelach, Comhaltas Ceoltóirí Éireann (Comórtas labhairt na Gaeilge ag Fleadh ros Comain), Seóanna Gaeilge sa Cheardlann Ealaíne, Grúpaí ealaíne/drámaíochta a thagann go dtí an scoil m.sh. Branar, Club Choláiste na bhFian srl. Tá Gael Scoil sa bhaile freisin agus tá sé soiléar dúinn ó labhairt le tuismitheoirí go gcaithfimid stádas na gaeilge atá cruthaithe sa scoil seo a leanúint agus a fhorbairt ionas go mbeidh muinín ag na tuismitheoirí asainn agus ár gcaighdeán
Aidhmeanna: (lt. 14 Curaclam na Bunscoile)
D’aontaigh foireann na scoile go mbeadh sé d’aidhmeanna againn
a. Éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite
b. Taithneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge
c. Feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú.
Beidh na haidhmeanna sin curtha I gcrích trí
a. éisteacht ghníomhach a fhorbairt trí thascanna agus trí chluichí eisteachta beirte agus I ngrúpaí.
b. Taitneamh a bhaint as rain, dánta, anhráin rithimiúla, imeartas focal, rabhlóga agus drámaí
c. Scileanna na léitheoireachta a fhorbairt trí ábhar taitneamhach a léamh
d. Téacsanna gairide pearsanta cruthaitheacha a scríobh
c agus d ag baint go speisíalta leis na ranganna seachas na naíonáin
Cur chuige Cumarsáide(Lt. 53-56 -Treoirlínte do mhuinteoirí)
Tá béim ar an gcaint agus gach iarracht déanta chun gach dalta a chur ag labhairt Gaeilge gach lá fiú má tá sé i sli an simplí agus neamh chruinneacht ag baint leis.
I ngach cheacht beidh
c.
1. Réamhchumarsáid(Spreagadh agus múineadh na bhfocal nua)
2. Cumarsáid agus (Úsáid na gaeilge- caint)Iarchumarsáid.(Dul siar)
3. Iarchumarsáis (Dul siar)

Modhanna Múinte; lth. 64 Curaclam na Gaeilge)
Is iad na módhanna múinte a úsáidimid ná –
1. Módh díreach (An rud féin nó pictiúr de)
2. Módh na sraithe (Sraith abairtí I bhfoirm scéal)
3. Módh na iarfreagartha gníomhaí (Athrá agus aithris)
4. An modh closamharc (Stíl scannán. Clár idirghníomhach)
5. An modh closlabhartha (Scileanna éisteachta-teip nó dlúthdhiosca)
6. Modh na ráite-nathanna beaga cainte-seanfhocail, rabhlóga.
(Is féidir tic a chur ar an modh muinte sa chúntas míosúil)
Stráitéisí: (lt. 67 Cur. Na Bunscoile- treoirlínte do mhuinteoirí)
Seo a leanas na straitéisí a úsáidimid sa rang Ghaeilge ionas go mbeidh na paistí in anncumarsáid a dhéanamh ag leibhéal a fhoireann dá riachtanaisí féin.
1. Agallamh. 2. Rólanna. 3. Cluichí teangan. 4. Tascanna agus fadhbanna. 5.Druileanna. 6. Dramaiocht. 7. Físeáin. 8. Dlúthdhioscanna. 9. Scéalaíocht. 10.Filíocht-rainn-dánta. 11. Amhráin. 12. Rabhlóga. 13. Tomhais. 14. Seanfhocail. 15. Tréanna (Repetition)
Feidhmeanna Teanga
( Is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir cumarsáide a bhaint amach. M.sh. cuireadh a thabhairt. Tá gá le feidhmeanna teanga a roghnú, a fhorbairt, a mhuineadh agus a úsáid chun go mbeidh; 1. an fhoireann ar fad aontaithe ar an gcur chuige. 2. Forbairt agus leanúnachas ó rang go rang. 3. Treoir agus structúr. 4. Go mbeidh na paisti in ann an ghaeilge atá acu a úsáid.
Ta cóip de na cinn atá roghnaithe ag na múinteoirí chun béim a chur orthu sa scoil seo, ag deireadh an bplean seo.
Lt 20-26 Curaclam na Bunscoile (Féach ar chúl)
Snáthanna an Churaclam
Éisteacht Labhairt Léitheoireacht Scríobh
Is iad na téamaí ar a bhraitear iomlán na hoibre sa roinn seo a leanas ná iad atá curtha chun cinn sa churaclam ie.
• Mé féin
• Sa Bhaile
• An Scoil
• Bia
• Ócáidí speisíalta
• An Teilifís.
• Ag siopadóireacht
• Éadaí
• Caitheamh Aimsirí?Turas
• An Aimsir.
ÉISTEACHT
Éisteacht go neamh fhoirmiúil-
• Orduithe an mhúinteora, beannaithe agus gnáth bhéasaí sa rang agus le cuairteoiri chuig an rang
• Teachtairí ar an mbolscaire agus agallamh ar lá na gaeilge
• Dlúthcheirníní i rith am sosa agus am lóin
• Bolscaire ar an gclós- orduithe ó rang a sé.
Éisteacht go foirmiúil
• Rainn, amhráin dánta.
• Amhráin
• Éist agus tarraingt /aistrigh/aimsiú/ dathaigh/lean treoracha/ meaitseáil/taispeáin/cur tic sa bhosca/ scriobh an focail.
• Léitheoireacht daltaí eile nó múinteoir
• Fístéipeanna- Muzzy. TG4 srl
• Tráth na gceist
• Drámaí-agalaimh beirte srl.
• Tá baint mór ag an éisteacht leis an labhairt mar atá leagtha amach thíos.
• Seóanna éagsúla- drámaí srl.
LABHAIRT
1. Lá na Gaeilge gach Céadaoin- iarracht speisíalta i ngach rang chun gaeilge a labhairt agus labhraíonn rang amháin (1-6) ar an mbolscaire ag 12.20 san iarnóin.
2. Úsáid na gaeilge sa chlós gach lá chun na páistí a eagrú arais ina línte agus chun deimhin a dhéananh de go mbeidh an clós fágtha gan bruscar agus go ndéanfaidh rang 6 a ngnótha. Cailíní ó rang a sé a thugann na treoracha do na daltaí eile.
3. Tá traidisiún sa scoil féile drámaíochta a eagrú faoi threoir An Cumann Scoildrámaíochta’. Glacann cuid de na ranganna páirt ann agus bíonn seans ag gach rang na drámaí a fheiceáil. Tarlaíonn sé seo gach dara bhliain..
4. Bíonn gníomhaí speisialta ar siúl sa scoil le linn seachtain na Gaeilge gach bhliain. Cuireann an toifigeach Gaeilge ón gComhairle Chontae duaiseanna agus tuairmí ar fail agus eagraítear tráth na gceist, scéalta srl.
5. Gaeilge neamhfhoirmiúil I ngach rang chomh minic agus is feidir bunaithe ar an am sa lá- maidin, am sosa, am loin, am dul abhaile.
6. Ranganna Choirp Oideachais agus ealaíne a úsáid chun Gaeilge a fhorbairt (Liostá abairtí oiriúnacha ag deireadh an bplean)
7. Leagtar béim ar an iarracht agus moltar na páistí as úsáid teanga. (Ainm ar Chorn Mhóir ag deireadh na bliana ag an gcailín i rang a sé a rinne an iarracht is mó i rith na bliana ó thaobh labhairt na gaeilge de)
LÉITHEOIREACHT
◦ Ullmhúcháin- Rainn, cluichí éisteachta, pictiúrleabhair, prionta Gaeilge sa timpeallacht agus labhairt neamhfhoirmiúil.
◦ Tús na léitheoireachta; Prionta gaeilge sa timpeallacht, leabhair mhóra agus leabhair bheaga.
◦ Tosaítear ar an leitheoireacht go foirmiúil i rang a dó
◦ Is é an scéim atá in úsáid sa scoil ná Maith Thú agus Fuaimeanna gus Focail.
◦ Sa bhliain 2004 ceannaíodh beagnach 100 leabhair nua do na leabharlanna ranga. Roghnaigh na múinteoirí agus na daltaí i rang a sé na leabhair seo ionas go mbeadh said suimiúil agus taitneamhach. Ceannaíodh leabhair eile (Carrol Heineman) i seiteanna (30 I ngach seit) Aistrítear na seiteanna idir na ranganna 2-6 Tá cartaí oibre déanta amach chun dul leo.
◦ Tionscnaimh Leabhar leabharlainne- Ranganna 3-6 ag tabhairt leabhair abhaile agus measúnú a dhéanamh orthu lena dtuismitheoirí.
SCRÍBHNEOIREACHT
Tús na scríbhneoireachta. Pictiúir agus focail, abairtí simplí, cuardach focal, lipéidí, lion isteach na bearnaí, cuir abairtí in ord.
Forbairt agus próiséas.
• Beidh forbairt ó rang go rang bunaithe ar an scéim atá in úsáid agus leibhéal na daltaí. Sa taobh sínsearach de’n scoil beidh dánta acrostics á scríobh dánta simplí, scéalta gearra, litreacha, cártaí poist ailt agus rámhlaí á scríobh. Tá sé de nós sna hardranganna a leabhair beag simplí féin a scríobh agus iad sin a scaipeadh i measc na daltaí ina rang féin agus I ranganna eile.
• Baintear úsáid as dlúthdhioscaí ar an ríomhaire chun léitheoireacht agus scríobh a fheabhsú.
• Chun feabhas a chur ar iarrachtaí pearsanta moltar an dalta go minic, léifidh sí a cuid oibre, gheobhaidh sí lipéid dona cuid oibre agus úsáidfear cuid de lá na gaeilge.
• Ceartú Bainfear úsáid as na comharthaí céanna atá in úsáid sa bhéarla ach gan gach botúin a cheartú má tá alán daoibh ann.
• Litriú Beidh sé bunaithe ar théama na seachtaine 1-8 litriú sa seachtain do ranganna 1+2, 5-10 do ranganna 3+4, 10-15 do ranganna 5+6. Ta cóip de na 100 focail a úsáidtear is minice ag deireadh an phlean seo.
• Gramadach. Déantar cuid mhaith de’n fhoghlaim go neamhfhoirmiúil tríd an labhairt. Foghlaimítear na haimsirí, réamhfhoclacha, úsáid urraithe agus séimhithe sna ranganna sínsearacha de réir mar atá leagtha amach sna scéimeanna agus ag cloí leis an gcuraclam. Úsáidtear réimse leabhair gramadaí ‘Ar Maidin Mooch’ ‘Graiméar an Draoi’ srl
• Ta cóipleabhar speisialta foclóra bunaithe ar na ceisteanna a théann leis na daltaí ó rang go rang.
• Peannaireacht. Béim ar néatacht, stíl mar atá leagtha amach sa phlean Béarla.
Comhtháthú:
Déantar comhtháthú sna hábhair seo a leanas- Corp Oideachas, I.T., maitice (na huimhreacha srl), ealaíon, Teagasc Críostaí (Paidreacha agus urnaí) Tír Eolas (logainmneacha, brí ainmneacha éagsúla, sloinnte srl) ceol agus drámaíocht.
Gaeilge Neamhfhoirmiúil i rith an lae. Sa scoil seo úsáidtear an ghaeilge chomh minic agus is feidir. Cloisfidh na páistí an teanga á úsáid go neamhfhoirmiúil mar ghnáththeanga cumarsáide. Úsáidtear an ghaeilge sa rang ag amanna faoi leith- maidin, am sosa, am loin. Feicfidh na páisti priontáil sa timpeallacht-postaerí srl.
PAIDREACHA
Múintear na paidreacha seo a leanas sna ranganna thíos luaite.
Rang a haon
• Comhartha na croise In ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naoimh. Amen
• Altú i ndiaidh bia Go raibh maith agat a Dhia mar is tú a thug bia dúinn, Go raibh maith agat a Dhia mar is tú a thug cairde dúinn, Go raibh maith agat a Dhia, Amen
Rang 2
• Dul siar
• Altú roimh bia Beannacht ó Dhia orainn atá ag suí chun boird le chéile, Beannacht ar an mbia a ithimid inniú. Beannacht ar na lámha a d’ullmhaigh dúinn é. Beannacht ó Dhia orainn féin. Amen
Ranganna 3 + 4
• Dul siar
• ‘Sé do bheatha Mhuire ata lán de grásta. Tá an tiarna leat. Is beannaithe thú thar mná agus is beannaithe tortha doo bhraon Íosa. A Naoimh Mhuire, a mháthair Dé. Guí orainne, peacaithe, anois ‘s ag uair ár mbáis. Amen
• Glóir do’n Athair, ‘s do’n Mhac ‘s do’n spiorad Naomh, mar abhí ar dtús, mar atá anois, mar abhéas go brách, le saol na saol. Amen
• Ár nAthair ata ar Neamh, go naofar d’ainm, go dtaga do ríocht, go ndéantar do thoil ar an talamh, mar a dhéantar ar Neamh. Ár narán laethúil, tabhair dúinn inniu agus maith dúinn ár bhfiacha mar a mhaithimid dár bhfeichiúna féin. ‘S ná lig sinn i gcathú ach soar sinn ó olc. Amen.
Ranganna 5+6
• Dul siar
• Críost liom
AMHRÁN NA BHFIAN
Múinfear an tamhrán náisiúnta i ranganna 5 agus 6.
Measúnú
Déanfar teisteanna scríofa ar an litríocht agus dánta lá sa seachtain a roghnaíonn an múinteoir–ranganna 2-6 (ó bhéal do dhaltaí atá ag déanamh gaeilge do’n chéad uair nó daltaí ata fadhbanna acu le scríobh foghlaim nó deacracht eile a chuireann ar leibhéal difriúl iad ó iomlán an ranga.)
Déanfaidh an múinteoir a meastúcháin féin bunaithe ar líofacht na daltaí sa rang gaeilge, lá na gaeilge, an slí a leanann said orduithe nó na freagraí neamh fhoirmiúla a thugann said i rith an lae. Beidh teist ag deireadh gach téarma ar na príomh cleachtaí a múineadh go dtí sin…
Úsáidimid tascanna atá déanta ag an múinteoir nó tionscnaimh ranga (leabhair beaga)
Obair Bhaile
• Sliocht léamh simplí i rang a 2 agus 1-2 litriú
• Léamh, obair scríofa nach bhfuil ró dheacair bunaithe ar an léamh agus litriú (ranganna 3-6) bunaithe ar obair ata déanta sa rang.
An Ghaeilge agus na Tuismitheoirí
Sna bunranganna téann cóip de na rannta nó dánta atá ar eolas ag na daltai abhaile ionas go mbeidh said in ann iad a chleachtú leis na tuismitheoirí. Is deis úsáideach é seo do na tuismitheoirí tosnú leis an ngaeilge simplí. (níl na paistí á léamh)
Pleanáil an Mhuinteora
Déanann gach múinteoir ranga pleanail fhadtéarmach agus pleanáil ghearrthéarmach bunaithe ar churaclam na bunscoile do’n ghaeilge agus ar an bplean seo. Ag deireach gach mí deantar cúntas ar an ngaeilge atá múinte agus foghlamtha ag na páistí.
Áiseanna (liosta ag deireadh an phlean)
Spriocdáta do’n athbhreithniú : 2012.
Rólanna agus Freagairt
Tá gach múinteoir freagrach as an bplean seo a chur i bhfeidhm.
Daingniú agus cumarsáid
Scaipfear an phlean seo ar an mBord Bainistíochta chun í a phlé agus a dhaingniú.
ÁISEANNA
Tá roinnt leabhair gaeilge roghnaithe idir na ranganna (2-6)in úsáid sa slí céanna leis na leabhair béarla (Grúpaí le cuig no sé daltaí) Nuair atá leabhar amhain leite aistítear leabhair le ghrúpa eile.
Seo na teidil ata in úsáid.
1. Cé atá ann, a Bhrain?
2. Déanann Bran cáca AnGúm
3. Tá Bran in ann comhaireamh
4. Téann Bran ar cóisir
5. Fanann Bran thar oíche.
6. An Garbhán
7. Barra bulaí
8. Lón le Learaí
9. Stop an carr
10. An Chailleach ag an mbanc (Carroll Heinemann)
11. An Teach Álainn
12. An Puimcín is mó
13. Sinéad ag damhsa
14. An Buachaill Bó
15. Deirdre agus an Fear Bréige
16. Bunoscionn le Ruairí
17. Cáitín sa chistin.
Leeabhair mhóra le fáil i sheomra Bn Uí Mhuiris.
Ar ais ar scoil
Slán Sabhailte
Ca bhfuil tú i do chónaí
A Chaitín Mí-Abha
Colm an cheoil
Leabhir ó Oxfam Ar fud an Domhain
Sa Bhaile
Gruaig
Rothair
Am Spraoi.
FRÁSAÍ LE nÚSAID SA CHLÓS
Tá sé in am dul isteach.
Bhuail an clog. Tá an sos thart.
Cé’n cluiche a bheidh againn?
Tabhair seans dom/dí do _________.
Pioc suas an bruscar.
Cá bhfuil an muinteoir? Cá bhfuil _______?
Tá an múinteoir ag teacht. Tá _____ ansin.
Tá an múinteoir ansin.
Thit _________.
Ghortaigh ____________- a glúin/ghlúin, a lámh, a cos/a chos srl.
An bhfuil cead ag __ dul go dtí an leithreas.
Tá mé ag sugradh le______________. Ta _________ ag súgradh liom/linn.
Níl éinne ag sugradh le___________.
An feidir linn_____________ a imirt? (cispheil, tig srl)
Focail agus frásaí le núsáid i rith rang Corp Oideachais
Seas. Rith. Léim. Stop. Cas timpeall. Siúl. Siúl ar aghaidh. Siúl go tapa- go mall.
Téigh ar dheis, ar chlé
Caith an liathróid.
Tabhair dom an hula hoop.
Rith go dtí an líne bán/gorm/buí. (Siúil, léim,téigh ar do ghluine)
Sín amach do lámha/chosa. Sín do mhuineál.
Ar an gclós- rith go dtí an dréimire, fuinneog, triantán, cearnóg, dronnuilleog,doras, geata,ráille/ráillí.
Caith an liathróid. Déanaigí ciorcal. Seasaigí. Suígí. Beir lámh le do chara.
Bain triail as. Tóg go bog é. Tóg/tógaigí sos. Tarraing isteach d’annáil. Lig amach d’annáil.
Cluichí -Duirt Ó Grádaigh, Cé’n tam é a mhactíre? Tá sé a dó a chlog srl. Tá sé leath uair taréis a seacht. Tá sé in am dinnéar.
Cispheil. Cuir an liathróid sa chiseán. Ná caith ró ard é. Tabhair domsa é. Tabhair do Mháire é. Tabhair seans dom. (seans eile) Mise an chéad duine eile. Ní bhfuair mé seans. Ní fhaca mé é. Is mise an réiteoir.
Beidh cluiche peile againn (sacair)
An bhfuil cead againn/agam dul sa ghrúpa sin?
Tá an cluiche thart.
Éistigí leis an bhfeadóg.
Cad iad na rialacha?
Bhris sí na rialacha.
Tosóimid arís.
Focail agus frásaí le núsaid i rith rang Ealaíne
Tarraing an pictiúr. Cad a tharraing tú? Tharraing mé… Líon isteach Dathaigh. Tóg amach an peint, na criáin, na pinn luaidhe, na cailceanna, na paipéirí.
Gearr é. Faigh siosúir. Ná doirt é. Glanaigí suas. Cuir uisce sa phota. Cuir péint amach sa tráille. Cé’n dath atá sa phictiúr?.
Cad iad na dathanna a d’úsáid an t-ealaíontóir?
An maith leat an pictiúr? Cé’n fáth?.
Tá na dathanna go deas. Tá _ ag barr /bun /i lár an phictiúr.
Croch suas é. Ta sé go hálainn. An bhfuil tú sásta leis? Ta pictiúr Nicole go deas? Is maith liom/ Ní maith liom…
Is fearr liom dath _---- ná dath ______.
Úsáidfidh mé an dath seo.
Na dathanna buí gorm oráiste, glas, donn, dubh, bán, corcra, dubhgorm srl.
Meascaigh dubh agus bán chun liath a dhéanamh.
Bí cúramach leis an bpéint.
Na crutanna éagsúla- ciorcal, triantán srl
Níl aon peint fágtha. An bhfuil dóthain --- agat?
Cníotáil. Tá olann agus snáthaidí agam. Déanfaidh mé _______ a chniotail.
Tá an snáth measctha. Chaill mé mo snáthaid. Tá me críochnaithe. Níl me críochnaithe fós.
An dtógfaidh mé abhaile é. Tógaigí abhaile na pictiúir anois.
Cré- Múnlaigh an chré agus dean pota/aghaidh. An bhfuil sé mín/garbh? Tá sé deacair é a mhúnlú (éascaí)
Ní feidir liom… Is feidir liom…
An gcuirfidh tú isteach sa chomórtas é? Cuirfidh mé. Ni doigh liom. B’fheidir go gcuirfidh mé
Eiseamláirí de na Feidhmeanna Teanga Scoil Mhuire Roscomáin.
| Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste | Naíonáin | Ranganna 1 agus 2 | Ranganna 3 agus 4 | Ranganna 5 agus 6 |
| 1. Taitneamh nó easpa taitnimh a léiriú |
An maith leat? Is/ní maith liom. |
Is breá liom. Is fuath liom. Is fearr liom. |
Ar mhaith leat? Ba/níor mhaith liom. Is fearr liom x ná y. |
An dtaitníonn _ leat? Taitníonn / Ní thaitníonn. B’fhearr liom x ná y. |
| 2. Mianta a léiriú nó fiosrú fúthu | An bhfuil sé go deas / maith? Tá / Níl. |
Ar mhaith leat milseán? Ba mhaith liom / Níor mhaith liom. |
Ba mhaith liom x. Ar mhaith leat éisteacht leis an téip? Ba mhaith liom. |
Ba mhaith liom deoch a fháil / leabhar a léamh / leabhar nua a cheannach / dul ag snámh / dul amach ag súgradh. Cad ba mhaith leat a dhéanamh? |
| 3. rogha a léiriú agus fiosrú fúithi | Is fearr liom x. Cé acu is fearr leat? |
Is fearr liom x ná y. | Cé acu ab fhearr leat ? B’fhearr liom x ná y. |
|
| 4. ábaltacht nó easpa ábaltachta a léiriú
|
Is féidir liom. Ní féidir liom. An féidir leat x? |
An féidir leat x? | Is féidir liom leadóg a imirt / sacar a imirt. An bhfuil tú in ann…..? Tá /Níl. Tá mé in ann …. Níl mé in ann ….. |
Is féidir liom x a scríobh / x a dhéanamh / x a bhriseadh srl. |
| 5. scéalta a chumadh nó a insint | Bhí … Thit … D’ith … D’ól… Fuair ….. | Ar maidin …. Inné ……. Lá amháin …… | Dé Sathairn seo caite … Aréir …. Arú inné … | Anuraidh … Ar dtús … Ansin …. Tar éis tamaill … faoi dheireadh / ar deireadh |
| Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste | Naíonáin | Ranganna 1 agus 2 | Ranganna 3 agus 4 | Ranganna 5 agus 6 |
| 6. Aithint | Peann Sin peann. Is liomsa é. |
Is madra mór é sin. | Cailín / buachaill an-mhaith / an-deas / dána is ea é/í. | Teach trí stór atá ann. |
| 7. tuairisciú | Anseo /as láthair Tá sé/sí tinn, sa bhaile, as láthair. Níl sé/sí anseo. Tá cnag ar an doras. Tá Liam dána / ag ithe / ag troid. Tá an leabhar ar an mbord. |
Tá sé/sí ag an bhfiaclóir / i seomra eile / san ospidéal. Thit sé sa chlós. Bhí………… Chuaigh ……. Tá / Bhí X ag troid sa chlós. Tá x ag ithe an lóin. Thug San Nioclás x dom. Inniu an Luan / Máirt / Céadaoin / Déardaoin / Aoine. |
Chonaic mé é/í ar maidin. Níl a fhios agam cá bhfuil sé/sí. Beidh sé ar ais amárach. Chuala…… D’ith mé / d’ól mé ……. Chuaigh …….. Tá sé tirim / ag cur baistí / ag cur sneachta / arís / anois. |
Beidh an cluiche ar siúl ar a trí a chlog amárach. Tá beirt – deichniúr as láthair. B’fhéidir go bhfuil sé/sí …… |
| 8. teachtaireacht a thabhairt
|
Seo duit an rolla / nóta / litir. | Seo nóta duit ó …… Tá Niamh tinn. Tá cóta nua ag x. |
Tá litir agam duit ó ….. Ní bheidh mé ar scoil amárach. Beidh mé ag dul go dtí an fiaclóir ar a 10 a chlog. Ní bheidh x ar scoil go dtí an x mar tá sé/sí tinn. |
Beidh an bus déanach inniu. Glaofaidh mé ort/oraibh nuair a bheidh sé in anseo. |
| 1. a 2. an 3. ar 4. agus 5. na 6. go 7. i 8. ag 9. le 10. is 11. sé 12. bhí 13. sin 14. é 15. ach 16. sa 17. de 18. tá 19. seo 20. in 21. mar 22. ó 23. leis 24. ní 25. raibh 26. do 27. ina 28. atá 29. nó 30. bhfuil 31. nach 32. féin 33. ann 34. as 35. faoi 36. gur 37. eile 38. mé 39. chun 40. aon 41. ná 42. sí 43. dá 44. siad 45. ba 46. den 47. nuair 48. iad 49. air 50. bheith 51. amach 52. san 53. don 54. acu 55. duine 56. gan 57. mo 58. aige 59. chur 60. gach 61. tú 62. í 63. chomh 64. mór 65. á 66. anois 67. ón 68. chuid 69. maith 70. rud 71. isteach 72. dhéanamh 73. lá 74. daoine 75. Gaeilge 76. níos 77. idir 78. níl 79. amháin 80. dul 81. chéile 82. dtí 83. bith 84. liom 85. chuir 86. mbeadh 87. bheadh 88. dó 89. dúirt 90. cé 91. sna 92. orthu 93. níor 94. áit 95. faoin 96. lena 97. má 98. thug 99. agam 100. trí |
101. dhá 102. tháinig 103. leo 104. beidh 105. mac 106. fáil 107. fear 108. mó 109. ansin 110. arsa 111. chéad 112. féidir 113. fad 114. cur 115. beag 116. nua 117. thabhairt 118. cuid 119. ceann 120. tar 121. deireadh 122. am 123. arís 124. cén 125. scéal 126. cad 127. teacht 128. síos 129. os 130. éis 131. bhíonn 132. aghaidh 133. nár 134. linn 135. deir 136. lucht 137. átha 138. cliath 139. uair 140. rá 141. rinne 142. obair 143. againn 144. réir 145. taobh 146. thar 147. anseo 148. fhios 149. leith 150. saol 151. leat 152. bhliain 153. leor 154. bíonn 155. uirthi 156. orm 157. agat 158. leabhar 159. dóibh 160. mbeidh 161. mhaith 162. baile 163. fada 164. céanna 165. bliain 166. bhaile 167. bhíodh 168. riamh 169. mhór 170. oíche 171. ea 172. freisin 173. aici 174. dom 175. chuaigh 176. scríobh 177. fós 178. dar 179. léir 180. mise 181. fíor 182. iarraidh 183. bliana 184. éigin 185. hÉireann 186. láthair 187. suas 188. dé 189. fháil 190. ceart 191. maidir 192. cuireadh 193. gcuid 194. thart 195. léi 196. teanga 197. bheidh 198. di 199. roimh 200. anuas |
201. fuair 202. cheann 203. tír 204. chuig 205. Ghaeilge 206. teach 207. déanamh 208. b'fhéidir 209. ár 210. roinnt 211. siúl 212. fiú 213. muid 214. measc 215. seán 216. bhain 217. uí 218. fearr 219. ort 220. ais 221. oiread 222. gcónaí 223. uisce 224. déanta 225. ndiaidh 226. gceist 227. minic 228. siar 229. dhiaidh 230. cinn 231. dhuine 232. úsáid 233. áirithe 234. súil 235. seisean 236. feadh 237. thaobh 238. dara 239. Éirinn 240. uile 241. méid 242. bharr 243. oibre 244. más 245. shin 246. mbíonn 247. mbaile 248. duit 249. lch. 250. cinnte 251. bhfad 252. dúinn 253. lán 254. tharla 255. istigh 256. óg 257. ab 258. cúpla 259. nós 260. timpeall 261. díreach 262. scoil 263. gurb 264. baint 265. ainm 266. cheart 267. rith 268. caite 269. caint 270. rialtas 271. bhaint 272. amuigh 273. Irish 274. siúd 275. bean 276. leanas 277. lár 278. leithéid 279. bhean 280. chuige 281. uaidh 282. alt 283. ndóigh 284. cheana 285. roinn 286. inniu 287. ábhar 288. mórán 289. chaith 290. tí 291. lae 292. tíre 293. roimhe 294. Gaeltachta 295. eolas 296. sásta 297. céard 298. dhaoine 299. tríd 300. lámh |
Downloads
Gramadach fhoirmiúil, scéim bliana, rang a trí go rang a sé.
Áiseanna in úsáíd i Scoil Mhuire do mhúineadh na gaeilge.